Joe Duffy
Láithreoir Éireannach é Joe Duffy, a rugadh i mBaile Formaid, Baile Átha Cliath sa bhliain 1956. Tá sé ina chónaí i gCluain Tarbh anois.Nuair a bhí sé óg, bhí an-suim aige sa Chumann Lúthchlas Gael. Thosaigh sé ag staidéar ceartas sóisialta ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1977. Agus é ag freastal ar an gcoláiste, toghadh é ina uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn sa bhliain 1979. Ghlac sé post mar oifigeach promhaidh sa bhliain 1982.
Sa lá atá inniu ann, tá sé ina láithreoir ar ''Liveline'', clár raidió de chuid RTÉ, a chraoltar gach lá den tseachtain idir 13:45 agus 15:00. Is é Al Pacino an t-aisteoir is fearr leis. Is breá leis a bheith ag péinteáil, rud a dhéanann sé gach lá. Bhuaigh sé an Gradam Jacobs sa bhliain 1992, mar aitheantas ar an obair a rinne sé ar chlár Gay Byrne. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1